====================================================================== Comhad Eolais LibreOffice 25.2 ====================================================================== For the latest updates to this readme file, see https://git.libreoffice.org/core/tree/master/README.md Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoi LibreOffice. Moltar duit é seo a léamh go cúramach roimh an bogearra a shuiteáil. Ba mhaith le Comhphobal LibreOffice, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin LibreOffice, áit a bhfaighidh tú neart eolais úsáidigh maidir le LibreOffice agus na pobail a thacaíonn leis. Féach https://www.libreoffice.org/. An bhfuil LibreOffice saor in aisce do chách, i ndáiríre? ---------------------------------------------------------------------- Tá LibreOffice saor in aisce do chách. Tá cead agat an chóip seo de LibreOffice a shuiteáil ar an oiread ríomhairí agus is mian leat, agus é a úsáid le haghaidh cibé gnó a theastaíonn uait (tráchtáil, rialtas, riarachán poiblí agus oideachas san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an téacs an cheadúnais a tháinig le LibreOffice. Cén fáth a bhfuil LibreOffice saor in aisce do chách? ---------------------------------------------------------------------- Tá tú in ann an chóip seo de LibreOffice a úsáid saor in aisce mar thoradh ar an dearadh, forbairt, tástáil, aistriúchán, doiciméadú, tacaíocht, margaíocht agus cabhair eile a rinne rannpháirtithe aonair agus urraitheoirí corparáideacha ionas go mbeadh LibreOffice ar an bpríomhbhogearra oifige foinse oscailte. Má tá tú buíoch as a gcuid oibre, agus más mian leat cinntiú go leanfaidh LibreOffice amach anseo, smaoinigh le do thoil faoi bheith rannpháirteach sa tionscadal - féach ar https://www.documentfoundation.org/contribution/ chun tuilleadh eolais a fháil. Is féidir le gach duine cabhair a thabhairt dúinn. ---------------------------------------------------------------------- Nótaí Suiteála ---------------------------------------------------------------------- Tá leagan deireanach de thimpeallacht amrite Java (JRE) de dhíth ar LibreOffice. Toisc nach bhfuil JRE sa phacáiste insuiteáilte LibreOffice, ba chóir duit JRE a shuiteáil go leithleach. Riachtanais Chórais ---------------------------------------------------------------------- * Microsoft Windows 7 SP1, 8, 8.1 Update (S14) nó 10 Tabhair faoi deara go bhfuil cearta riarthóra riachtanach don phróiseas suiteála. Is féidir leat LibreOffice a chlárú mar fheidhmchlár réamhshocraithe do cháipéisí Microsoft Office, nó é seo a chosc trí na roghanna seo a leanas a thabhairt don suiteálaí ar líne na n-orduithe: * Leis an rogha REGISTER_ALL_MSO_TYPES=1, clárófar LibreOffice mar fheidhmchlár réamhshocraithe le haghaidh formáidí Microsoft Office. * Leis an rogha REGISTER_NO_MSO_TYPES=1, cuirfear bac ar chlárú LibreOffice mar fheidhmchlár réamhshocraithe le haghaidh formáidí Microsoft Office. Cinntigh go bhfuil go leor spás saor agat i gcomhadlann shealadach do chórais agus go bhfuil cead léite, scríofa agus reatha agat ann. Dún gach clár eile roimh thús a chur leis an tsuiteáil. LibreOffice a shuiteáil ar chóras Linux bunaithe ar Debian/Ubuntu ---------------------------------------------------------------------- Chun treoracha a fháil conas beartán teanga a shuiteáil (i ndiaidh an leagan Béarla SAM de LibreOffice a shuiteáil), léigh le do thoil an mhír thíos dar teideal 'Beartán Teanga a Shuiteáil'. When you unpack the downloaded archive, you will see that the contents have been decompressed into a sub-directory. Open a file manager window, and change directory to the one starting with "LibreOffice_", followed by the version number and some platform information. Tá fo-chomhadlann darb ainm "DEBS" sa chomhadlann seo. Ba chóir duit dul isteach sa chomhadlann "DEBS". Deaschliceáil laistigh den chomhadlann agus roghnaigh "Oscail i dTeirminéal". Osclófar fuinneog theirminéil. Ó líne na n-orduithe san fhuinneog seo, cuir an t-ordú seo a leanas isteach (caithfidh tú focal faire an fhorúsáideora a chur isteach sular féidir an t-ordú a chur i bhfeidhm): The following commands will install LibreOffice and the desktop integration packages (you may just copy and paste them into the terminal screen rather than trying to type them): sudo dpkg -i *.deb Tá an próiseas suiteála críochnaithe anois, agus tá deilbhíní do na feidhmchláir LibreOffice go léir sa roghchlár Applications/Office ar do ríomhaire. LibreOffice a shuiteáil ar Fedora, openSUSE, Mandriva agus córais Linux eile le beartáin RPM ---------------------------------------------------------------------- Chun treoracha a fháil conas beartán teanga a shuiteáil (i ndiaidh an leagan Béarla SAM de LibreOffice a shuiteáil), léigh le do thoil an mhír thíos dar teideal 'Beartán Teanga a Shuiteáil'. When you unpack the downloaded archive, you will see that the contents have been decompressed into a sub-directory. Open a file manager window, and change directory to the one starting with "LibreOffice_", followed by the version number and some platform information. Tá fochomhadlann darb ainm "RPMS" sa chomhadlann seo. Ba chóir duit dul isteach sa chomhadlann "RPMS". Deaschliceáil laistigh den chomhadlann agus roghnaigh "Oscail i dTeirminéal". Osclófar fuinneog theirminéil. Ó líne na n-orduithe san fhuinneog seo, cuir an t-ordú seo a leanas isteach (caithfidh tú focal faire an fhorúsáideora a chur isteach sular féidir an t-ordú a chur i bhfeidhm): For Fedora-based systems: sudo dnf install *.rpm Ar chóras bunaithe ar Mandriva: sudo urpmi *.rpm Ar chórais eile a úsáideann RPM (openSUSE, srl.): rpm -Uvh *.rpm Tá an próiseas suiteála críochnaithe anois, agus tá deilbhíní do na feidhmchláir LibreOffice go léir sa roghchlár Applications/Office ar do ríomhaire. Nó, is féidir leat an script 'install' (a gheobhaidh tú sa chomhadlann bharrleibhéil sa chartlann seo) a úsáid chun an tsuiteáil a dhéanamh mar ghnáthúsáideoir. Socróidh an script a próifíl LibreOffice féin don tsuiteáil seo, neamhspleách ar aon phróifíl LibreOffice eile atá agat. Tabhair faoi deara nach suiteálfar na comhpháirteanna a dhéanann comhtháthú leis an gcórais, mar shampla nascanna ar an deasc agus cineálacha MIME a chlárú. Nótaí i dtaobh comhtháthú deisce i gcomhair dáiltí Linux nach gcuimsítear sna treoracha suiteála thuas ---------------------------------------------------------------------- Ba chóir go mbeadh sé éasca LibreOffice a shuiteáil ar dháiltí Linux eile nach gcuimsítear go sonrach sna treoracha suiteála seo. Meastar gur le comhtháthú deisce is mó a bheidh éagsúlacht ann. The RPMS (or DEBS, respectively) directory also contains a package named libreoffice25.2-freedesktop-menus-25.2.0.1-1.noarch.rpm (or libreoffice25.2-debian-menus_25.2.0.1-1_all.deb, respectively, or similar). This is a package for all Linux distributions that support the Freedesktop.org specifications/recommendations (https://en.wikipedia.org/wiki/Freedesktop.org), and is provided for installation on other Linux distributions not covered in the aforementioned instructions. Beartán Teanga a Shuiteáil ---------------------------------------------------------------------- Íosluchtaigh an beartán teanga do do rogha teanga agus ardán. Tá siad ar fáil ón suíomh céanna ina bhfuil an príomhchomhad suiteála. Ón mbainisteoir comhad Nautilus, bain an comhad íosluchtaithe amach i gcomhadlann (do dheasc, cuir i gcás). Deimhnigh gur scoir tú ó gach feidhmchlár de chuid LibreOffice (ina n-áirítear an MearThosaitheoir, má tá sé ar siúl). Athraigh an chomhadlann chuig an chomhadlann inar bhain tú amach do bheartán teanga íosluchtaithe. Now change directory to the directory that was created during the extraction process. For instance, for the French language pack for a 32-bit Debian/Ubuntu-based system, the directory is named LibreOffice_, plus some version information, plus Linux_x86_langpack-deb_fr. Anois athraigh an chomhadlann chuig an chomhadlann ina bhfuil na beartáin le suiteáil. Ar chórais bunaithe ar Dhebian/Ubuntu, DEBS a bheidh ar an gcomhadlann. Ar chórais Fhedora, openSUSE nó Mandriva, RPMS a bheidh ar an gcomhadlann. Ón mbainisteoir comhad Nautilus, deaschliceáil sa chomhadlann agus roghnaigh an t-ordú "Oscail i dteirminéal". San fhuinneog theirminéil a d'oscail tú, rith an t-ordú chun an beartán teanga (leis na horduithe uile thíos, b'fhéidir go n-iarrfaí ort d'fhocal faire a chuir isteach) a shuiteáil: Ar chóras bunaithe ar Debian/Ubuntu: sudo dpkg -i *.deb For Fedora-based systems: su -c 'dnf install *.rpm' Ar chóras bunaithe ar Mandriva: sudo urpmi *.rpm Ar chórais eile a úsáideann RPM (openSUSE, srl.): rpm -Uvh *.rpm Now start one of the LibreOffice applications - Writer, for instance. Go to the Tools menu and choose Options. In the Options dialog box, click on "Languages and Locales" and then click on "General". Dropdown the "User interface" list and select the language you just installed. If you want, do the same thing for the "Locale setting", the "Default currency", and the "Default languages for documents". Tar éis na socruithe sin a athrú, brúigh ar OK. Dúnfar an fhuinneog bheag, agus feicfear teachtaireacht fhaisnéise ag cur in iúl duit nach gcuirfear d'athruithe i bhfeidhm ach amháin nuair a scoirfidh tú ó LibreOffice agus nuair a thosaítear arís é (cuimhnigh chun scor ón MearThosaitheoir má tá sé sr siúl). An chéad uair eile a thosaítear LibreOffice, tosóidh sé sa teanga atá díreach suiteáilte agat. ---------------------------------------------------------------------- Fadhbanna le linn Thosú an Chláir ---------------------------------------------------------------------- Difficulties starting LibreOffice (e.g. applications hang) as well as problems with the screen display are often caused by the graphics card driver. If these problems occur, please update your graphics card driver or try using the graphics driver delivered with your operating system. ---------------------------------------------------------------------- Ceapa tadhaill ALPS/Synaptics ar ríomhairí glúine le Windows ---------------------------------------------------------------------- De bharr faidhbe tiomántáin i Windows, ní féidir scrollú i gcáipéisí LibreOffice trí do mhéar a shleamhnú ar cheap tadhaill ALPS/Synaptics. Chun scrollú le ceap tadhaill a chumasú, cuir na línte seo a leanas sa chomhad cumraíochta "C:\Program Files\Synaptics\SynTP\SynTPEnh.ini" agus atosaigh do ríomhaire: [LibreOffice] FC = "SALFRAME" SF = 0x10000000 SF |= 0x00004000 D'fhéadfadh suíomh an chomhaid chumraíochta a bheith éagsúil ar leaganacha éagsúla de Windows. ---------------------------------------------------------------------- Aicearraí ---------------------------------------------------------------------- Ní féidir ach aicearraí méarchláir (teaglamaí eochracha) nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in LibreOffice. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in LibreOffice sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair LibreOffice, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socraithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in LibreOffice a athrú. Chun tuilleadh eolais ar an ábhar seo a fháil, féach i gcáipéisí cabhrach LibreOffice nó do chórais oibriúcháin. ---------------------------------------------------------------------- Problems When Sending Documents as Emails From LibreOffice ---------------------------------------------------------------------- When sending a document via 'File - Send - Email Document' or 'File - Send - Email as PDF' problems might occur (program crashes or hangs). This is due to the Windows system file "Mapi" (Messaging Application Programming Interface) which causes problems in some file versions. Unfortunately, the problem cannot be narrowed down to a certain version number. For more information visit https://www.microsoft.com to search the Microsoft Knowledge Base for "mapi dll". ---------------------------------------------------------------------- Nótaí Tábhachtacha maidir le hInrochtaineacht ---------------------------------------------------------------------- Chun tuilleadh eolais maidir le gnéithe inrochtaineachta LibreOffice a fháil, féach ar https://www.libreoffice.org/accessibility/ ---------------------------------------------------------------------- Tacaíocht d'Úsáideoirí ---------------------------------------------------------------------- The main support page offers various possibilities for help with LibreOffice. Your question may have already been answered - check the Community Forum at https://ask.libreoffice.org/ or search the archives of the 'users@libreoffice.org' mailing list at https://www.libreoffice.org/lists/users/. Alternatively, you can send in your questions to users@libreoffice.org. If you like to subscribe to the list (to get email responses), send an empty mail to: users+subscribe@libreoffice.org. Féach na Ceisteanna Coitianta ar shuíomh Gréasáin LibreOffice freisin. ---------------------------------------------------------------------- Tuairiscí ar Fhadhbanna ⁊ ar Fhabhtanna ---------------------------------------------------------------------- Is é Bugzilla an córas a mbainimid úsáid as chun tuairisc a dhéanamh ar fhadhbanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá sé ar fáil ag https://bugs.documentfoundation.org/. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Is é tuairisciú beoga ar fhadhbanna ceann de na rudaí is tábhachtaí ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú LibreOffice. ---------------------------------------------------------------------- Conas a Bheith Páirteach ---------------------------------------------------------------------- Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal LibreOffice dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte. Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn thú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ar shuíomh Gréasáin LibreOffice. Tús Maith ---------------------------------------------------------------------- Is éard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach LibreOffice i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh ar shuíomh Gréasáin LibreOffice. Liostáil ---------------------------------------------------------------------- Seo roinnt de liostaí ríomhphoist ar féidir leat clárú leo ag https://www.libreoffice.org/get-help/mailing-lists/ * Nuacht: announce@documentfoundation.org *molta do gach úsáideoir* (trácht beag) * Príomhfhóram na n-úsáideoirí: users@global.libreoffice.org *slí furasta le bheith ag cúlchoimhéad sna díospóireachtaí* (trácht mór) * Tionscadal margaíochta: marketing@global.libreoffice.org *níos mó ná forbairt* (trácht ag éirí mór) * Liosta ginearálta d'fhorbróirí: libreoffice@lists.freedesktop.org (trácht mór) Bí páirteach i dtionscadal nó i dtionscadail ---------------------------------------------------------------------- Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le LibreOffice 25.2 agus go mbeidh tú linn ar líne. Comhphobal LibreOffice ---------------------------------------------------------------------- Cód Foinseach Úsáidte/Athraithe ---------------------------------------------------------------------- Codanna Cóipcheart 1998, 1999 James Clark. Codanna Cóipcheart 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.